Filmbase
Filmbase Filmbase Filmbase Filmbase Filmbase Filmbase Filmbase Filmbase  
This Section: Awards
Filmbase :: Awards :: Lasair 2011

Email this page to a friend

Print friendly version

Forward Print

Filmbase :: Awards :: Lasair 2011

CONTACT US

Filmbase :: Awards :: Lasair 2011

Lasair 5
Doc on the Box
Short Film Award

Filmbase :: Awards :: Lasair 2011

Film Ireland magazine
The current issue of Film Ireland magazine is now on sale.

Filmbase :: Awards :: Lasair 2011

Subscribe to Filmbase's Newsletter (enter your email address below)

 

Or use our RSS feed

Filmbase's RSS Feed

Filmbase :: Awards :: Lasair 2011

 

Awards :: Lasair 2011

Filmbase :: Awards :: Lasair 2011

FÓGRAÍONN FILMBASE & TG4 DUAISEANNA GEARRSCANNÁN LASAIR 5
5pm Dé hAoine 27 Eanáir 2012

LASAIR 2011 - GEAL GÁIRE 


Tá áthas ar Filmbase agus ar TG4 mionsonraí an 5ú babhta Lasair, an scéim duaiseanna do ghearrscannáin Ghaeilge a bhfuil ag éirí thar barr léi, a fhógairt. Tá súil ag an scéim tacú leis an tallann déanta scannán is úrnua agus is spreagúla in Éirinn agus tabharfaidh sí tacaíocht do suas le sé ghearrscannán trí mhaoiniú agus saoráidí ar fiú suas le €20,000 an ceann iad.

Ba chóir scannáin na bliana seo a oiriúnú don téama Geal Gáire. Ba mhaith le Filmbase agus le TG4 lucht déanta scannán a spreagadh le hobair a fhorbairt a chuirfidh fonn gáire ar an lucht féachana agus ardóidh a meanma. D'éirigh thar barr le scannáin ghrinn a rinneadh faoin scéim Lasair roimhe seo i measc lucht féachana sa bhaile agus thar lear, mar shampla Yu Ming is Ainm Dom le Daniel O'Hara, a bhuaigh breis is 40 gradam idirnáisiúnta. Táthar ag súil go mbeidh an tóir céanna ag lucht féachana pictiúrlainne agus féilte ar na scannáin a dhéanfar faoi théama na bliana seo.

Tá súil ag an scéim fíor-dheiseanna a chur ar fáil chun tacú le tallann chruthaitheach nua a bhfuil smaointe láidre acu a thaitneoidh le lucht féachana sa bhaile agus thar lear.

Féadfaidh lucht déanta scannán brí leathan a bhaint as an téama ach tabharfar tosaíocht do scripteanna atá barrúil, a ardaíonn meanma, atá dearfach nó a thugann léargas neamhghnách nó aisteach ar an saol.

Lasair Treoirlínte 

> Tá an scéim oscailte do gach cineál scannáin, lena n-áirítear drámaíocht, greann, beochan, gearrsceitsí nó formáidí eile ficsin.

> Do scannáin idir 10 agus 25 nóiméad ar fhad ar chóir scripteanna a scríobh.

> Bronnfar duaiseanna thart ar €10,000 an ceann. D'fhéadfadh roinnt duaiseanna a bheith níos mó nó níos lú, de lánrogha an phainéil roghnaithe. Beidh trealamh léirithe agus saoráidí iarléirithe Filmbase ag dul le gach duais (ach iad a bheith ar fáil).

> Caithfear a bheith in ann scripteanna a chur i gcrích laistigh de na buiséid agus na tacaíochtaí a chuirfear ar fáil.

> Ba chóir go mbeadh ar chumas na scannán críochnaithe lucht féachana a mhealladh agus siamsaíocht a chur ar fáil dóibh, ar an teilifís agus ag féilte. Craolfar na scannáin ag buaic-amanna ar TG4.

> Ba chóir don Ghaeilge a bheith nádúrtha agus oiriúnach don script.

> Breithneofar scripteanna dátheangacha (Gaeilge agus Béarla nó Gaeilge agus teanga eile) má bhíonn formhór na scripte i nGaeilge.

> Tá spéis faoi leith ag an scéim deiseanna a thabhairt do dhéantóirí scannán Éireannacha nua agus iad sin atá ag teacht chun cinn, agus spreagtar aon duine a bhfuil smaointe láidre, cruthaitheacha acu a bhaineann leis an téama chun iarratas a dhéanamh.

> Ba chóir do scripteanna a bheith ag dréacht-chéim dheiridh. Is féidir snas a chur ar scripteanna, áfach, le cúnamh ó eagarthóir scripte gairmiúil, sula ndéanfar iad a thaifeadadh.

> Ní mór gach scannán a chur i gcrích agus a sheachadadh faoi 28 Meán Fómhair 2012 agus taispeánfar iad den chéad uair ag Féile Scannán Chorcaí. Craolfar ar TG4 ina dhiaidh sin iad, in 2012.

An tSlí le hIarratas a Dhéanamh: 

Ba chóir iarratais a chuir isteach chuig Filmbase tráth nach déanaí ná 5pm Dé hAoine 27 Eanáir 2012.

Bíodh na nithe seo a leanas istigh le hiarratas:

  • 1 Foirm Iarratais Sínithe
  • 1 cóip den script le mionsonraí teagmhála iomlána don iarratasóir marcáilte go soiléir ar an leathanach clúdaithe.
  • 3 chóip den script gan ach an teideal ar an gclúdach agus gan aon eolas aitheantais eile ar an script.

Bíodh an seoladh seo ar iarratais:

Lasair
Filmbase
An Chuarshráid
Barra an Teampaill
Baile Átha Cliath 2

Ní dhéanfar iarratais a bheidh déanach a phróiseáil.

Foirmeacha Iarratais:  

Is féidir foirmeacha iarratais a íoslódáil:
PDF 63kb íoslódáil (.pdf)
Word 92kb íoslódáil (.doc)

Iarratais ar an nGearrliosta:  

Tabharfar cuireadh d'iarratasóirí a bhainfidh an gearrliosta amach freastal ar agallamh lena bhfoireann léiriúcháin (Scríbhneoir, Léiritheoir, Stiúrthóir) ag Filmbase i mí Feabhra 2012. Beidh ar iarratasóirí ar an ngearrliosta eolas breise a chur ar fáil, lena n-áireofar:

  • An buiséad iomlán
  • An sceideal léiriúcháin agus taifeadta
  • Nótaí ar stíl agus cóiriú
  • CVanna don phríomh-fhoireann chruthaitheach
  • Moltaí maidir le cliar agus criú

Beidh ionadaithe ó TG4 agus ó Filmbase i láthair ag na hagallaimh gearrliosta, chomh maith le stiúrthóir neamhspleách. Sna hagallaimh tabharfar soiléiriú ar uaillmhianta cruthaitheacha na foirne iarratasóra, agus pléifear cúrsaí praiticiúla maidir leis na tionscadail a chur i gcrích ar ardchaighdeán gairmiúil leis na hacmhainní a bheidh ar fáil.

Eolas Breise:  

  • Féadfaidh scripteanna a bheith dátheangach, ach ní mór an dialóg go léir a bheith scríofa i nGaeilge, nuair is cuí sin.

  • Is féidir le gach iarratasóir a bhfuil tionscadal aige/aici, atá ag teacht le treoirlínte na nduaiseanna, iarratas a dhéanamh. Tabhair ar aird, le do thoil, maidir leis an mbabhta seo, go bhfáilteofar roimh iarratais ó mhic léinn lán-aimseartha nach raibh incháilithe do bhabhtaí na scéime roimhe seo. Fáilteofar roimh scripteanna ó iarratasóirí i dTuaisceart Éireann chomh maith.

  • Ní sheolfar scripteanna ná cáipéisíocht a théann leo ar ais.

  • Ní mór don iarratasóir a bheith ina b(h)all de Filmbase, ballraíocht íoctha go hiomlán, sula ndéantar iarratas.

  • Ní mór an t-iarratas iomlán a chur isteach an 28 Meán Fómhair 2012 nó roimhe sin.

  • Sa chás nach é an t-iarratasóir údar na scripte ní mór dó nó di úinéireacht chóipcheart na scripte a fhíorú (beidh cruthúnas air sin de dhíth sa chás go gcuirfear an t-iarratasóir ar an ngearrliosta le haghaidh agallaimh).

Seisiún Eolais:  

Tionólfar seisiún eolais ar an scéim Lasair ag Filmbase i mí na Nollag (Déardaoin, 15ú) d'iarratasóirí leasmhara. Más spéis leat freastal air, cuir ríomhphost chuig events@filmbase.ie. Eolas Breise ANSEO>


Filmbase :: Awards :: Lasair 2011
Also available on filmbase.ie
Filmbase :: Awards :: Lasair 2011

Adobe Authorized Training Centre

Apple Authorized Training Centre

Filmbase is an Apple and Adobe Authorised Training Centre.

Filmbase :: Awards :: Lasair 2011

Awards

DOC ON THE BOX
SHORT FILM AWARD
LASAIR 5
FILMBASE ARCHIVE

Filmbase :: Awards :: Lasair 2011

Training

FILMMAKING COURSES
SCRIPT COURSES
PRODUCING COURSES
ADOBE TRAINING
APPLE TRAINING

Filmbase :: Awards :: Lasair 2011

Equipment

FILM CAMERAS
DIGITAL CAMERAS
SOUND
LIGHTING
EDITING

Filmbase :: Awards :: Lasair 2011

Events & Software

SPECIAL EVENTS
CULTURE NIGHT
SCREENWRITING SOFTWARE
PRODUCTION SOFTWARE

Filmbase :: Awards :: Lasair 2011

 

Email Filmbase